Cuireann an víreas corónach iachall orainn súil ghéar a chaitheamh ar fhadhbanna ár sochaí
Comment

Cuireann an víreas corónach iachall orainn súil ghéar a chaitheamh ar fhadhbanna ár sochaí

AN cuimhin libh an chéad uair a chuala sibh duine éigin ag rá gur cheart dúinn a bheith buartha faoi bhreoiteacht a bhí ag bagairt ar mhuintir na Síne? 

Fear mór imní is ea mo chéile agus bhí sé ag déanamh buaireamh dó a tús na bliana.

Ní mór an cheann a thógas do ag an am mar gur minic a chuala a leithéid uaidh agus níor tháinig aon rud riamh as.

Mo léan, tháinig rud éigin as an uair seo.  Thaisteal an víreas corónach ar fud na cruinne agus tá 26,838 duine anseo in Éirinn tar éis a bheith breoite leis go dtí seo.  Astu san, cailleadh 1,774.

Tá saol gach uile duine athruithe dá bharr mar go bhfuil srianta á chur orainn chun é a cheansú.  Braitheann formhór againn uainn an saoirse a bhí againn roimhe seo ach níl a fhios againn an mbeimid chomh saor leis sin arís go deo.

Rud eile nach raibh súil agam leis ná an slí ina ina ionsaíonn an víreas sochaí ins na h-áiteanna go bhfuil an sochaí sin lag.

Nochtaíonn sé fadhbanna gur rinneadh neamhaird orthu ar feadh ró fhada.  N’fheadar an gcuirfidh sé iachall orainn dul i ngleic leo faoi dheireadh?

Tóg na tithe altranais mar shampla.  Ar an dara lá déag de mhí na Bealtaine, nuair a bhí 23,135 cás den víreas sa tír agus 1,467 duine caillte dá bharr, b’iad daoine a bhí ina gcónaí i dtithe altranais seasca dó faoin gcéad dóibh siúd.

Scaip an víreas sna tithe altranais mar nach raibh go leor trealamh cosanta pearsanta ag an bhfoireann oibre ann, nó go leor airgid chun an trealamh a cheannach.

Níor tugadh aire cheart d’ár seanóirí, rud a léirigh go bhfuil sé thar am féachaint ar an slí a chaithimid le sean daoine leochaileacha sa tír seo.

An bhfuil meas againn orthu?  An bhfuilimid ag cabhrú leo súp a bhaint as an saol go dtí an deireadh?  Nó an bhfuilimid á gcaitheamh i leataobh agus ag déanamh dearmad orthu?

Rud eile gur cheart dúinn féachaint air ná an córas soláthar díreach d’iarrthóirí tearmainn.

Sa chóras seo, a bunaíodh mar réiteach gearr-théarmach sa bhliain 2000, tógann an Stát óstáin ar chíos agus íocann siad comhlachtaí príobháideacha as aire a thabhairt dos na h-iarrthóirí tearmainn.

Is é an toradh atá ar seo ná go mbíonn na h-iarrthóirí tearmainn ina gcónaí sa mhullach ar a chéile, le clann amháin i ngach seomra nó suas le ochtar sa tseomra céanna i gcás daoine singil.

Níl cead acu a gcuid bídh féin a ullamhú; caithfidh siad an bia a thugtar dóibh a ithe.  Tá srianta ar an obair gur féidir leo a dhéanamh agus ar na deiseanna oideachais atá ar fáil dóibh.

Ní fadhb a bheadh anseo murach go leanann sé ar aghaidh ar feadh tréimhse ró fhada.  Caitheann daoine dhá bhliain ins na h-óstáin seo ar an meán ach tá daoine áirithe a fhanann ann suas le dhá bhliain déag.

Ní féidir leo aon dul chun cinn a dhéanamh ina saol le linn an tréimhse sin, rud a chiallaíonn go dtagann ísle brí ar ana chuid acu.

Tá sé scríte agam cheana go bhfuil sé thar am deireadh a chur leis an gcóras seo agus córas níos daonnaí a chur ina áit.  Anois tá seans ann go gcabhróidh an víreas corónach linn é seo a bhaint amach.

I lár mí Márta, bogadh 100 iarrthóir tearmainn ó Bhaile Átha Cliaith, áit a raibh an víreas go tréan, go óstán i gCathair Saidhbhín i gCiarraí, áit nach raibh.

Labhair muintir an bhaile amach ina coinne seo mar chreideadar nach raibh an t-óstán oiriúnach dóibh.  Níor thug éinne cuairt ar an t-óstán roimh ré chun é a iniuchadh mar sin, b’fhéidir go raibh an cheart acu.

Deimhníodh an chéad cás don víreas san óstán i lár mí Aibreáin agus tháinig 20 cás eile sna sála ar sin.

Ní raibh éinne in ann féin-aonarú a dhéanamh agus bhraith na h-iarrthóirí tearmainn go rabhadar i mbaol.

D’fhág suas le 30 duine an t-óstán cé nach raibh aon áit eile le dul acu agus chuaigh roinnt eile ar stailc ocrais go dtí gur ghéill an rialtas agus fuaireadh lóistín níos oiriúnaí dóibh.

Bhí fadhbanna ins na tithe altranais roimh theacht an víris chorónaigh.

Ní raibh an córas soláthar díreach oiriúnach don fheidhm ón chéad lá a bunaíodh é.

B’fhéidir go mbeidh dea-thionchar amháin ag an víreas seo.

B’fhéidir go nochtóidh sé fadhbanna chun nach féidir linn neamhaird a dhéanamh orthu a thuilleadh.

B’fhéidir go dtiocfaimid as seo le sochaí níos daonnaí.

B’fhéidir.