Is deacair é saol na dianghlasála ach caithfear foghlaim conas tairbhe a bhaint as
Comment

Is deacair é saol na dianghlasála ach caithfear foghlaim conas tairbhe a bhaint as

CORRAÍONN scéalta dhaoine eile rud éigin ionainn uaireanta agus tuigimid rud eigin fúinn féin.  

Sin a thárla domsa le déanaí nuair a leigh mé agallamh le seanfhear i mBaile Átha Cliath.

Bhí an fear seo ag clutharú ina aonar aige baile.

Bhí sé thar a bheith uaigneach agus dúirt sé go raibh sé ag tnúth leis an tréimhse dianghlasála seo a bheith thart chun go bhféadfadh sé a bheith amuigh i measc na ndaoine arís.

Thuig mé a chás.  Thuig mé freisin gurb amhlaidh a bhí agam féin agus gurbh é an meon san ba chúis leis an droch ghiúmar a bhí orm ó thus an tréimhse dheacair seo.

Bhí mé ag déanamh an rud ceannann céanna leis an bhfear seo.  Bhí mé ag comhaireamh na laethanta go mbeadh an gnáthshaol ar ais againn arís.

Agus mé ag léamh scéal an fhir, thuig mé go tobann gur cur amú ama ab ea an dearcadh seo.

B’fhéidir nach mbeadh deireadh leis an tréimhse seo, b’fhéidir nach raibh anseo ach an tús.

Chuir sé na míonna tar éis breith mo mhic i gcuimhne dhom.

Nuair a tháinig mé chugham fhéin tar éis na breithe, rinne mé gach iarracht an saol a bhí agam sular saolaíodh mo mhac a bheith agam arís.

Ach ba chuma cad a dhéanainn, ní eireodh liom agus bhíodh frustrachas an domhain orm dá réir.

Thóg sé tamall fada orm glacadh leis go raibh gach rud athruithe i mo shaol mar go raibh leanbh agam.

Bhí spás lárnach tógtha ag mo mhac i lár mo shaoil (agus i gceartlár mo chroí) agus mar sin, bhí orm gach rud agus gach duine eile a fheistiú tímpeall air.

Bheadh crot deifriúil ar mo shaol as san amach agus thógadh sé tamall orm an crot san a mhúnlú chun go mbeinn sásta leis.

Braithim gurb é an rud céanna atá ag tárlú anois.  Tá an saol athruithe ag an víreas corónach seo agus an baol go léir a bhaineann leis agus b’fhéidir go bhfuil sé athruithe go deo.

Táimse anois ag iarraidh glacadh leis seo.

In ionad tnúth leis na rudaí nach féidir liom a dhéanamh nó na daoine nach féidir liom a fheiscint, táim ag déanamh mo dhian dhícheall taithneamh a bhaint as an saol atá agam anois, i láthair na h-uaire.

Ní theastaíonn uaim go n-imeodh na míonna atá romham amach thart ar nós na gaoithe.  Tá an samhradh ag teacht, le a laethanta fada geala agus teastaíonn uaim súp a bhaint as, in ionad é a chur amú.

Tá a fhios agam go bhfuil sé seo níos fusa domsa ná mar atá d’ana chuid daoine eile.

Nílim ag marachtaint i m’aonar mar sin ní fhaighim seans ar bith a bheith uaigneach (a mhalairt d’fhadhb atá agamsa mar is annamh a fhaighim neomat ar bith le bheith liom fhéin – leanann mo mhac isteach sa leithreas mé fiú!).

Tá teach deas agam cois farraige agus ana chuid spáis chun dul ag siúl agus ag spaisteoireacht.  Táim buíoch as seo gach uile lá dom’ shaol.

Ar an dtaobh eile don scéal, ní chiallaíonn sé sin nach mbraithim uaim mo mhuintir agus mo chairde.

Ní chiallaíonn sé nach mbraithim gur fada go mbeidh mé i measc na ndaoine arís, gan sinn go léir ag caitheamh aghaidhmhascanna agus miotóga agus scílithe inár mbeathaigh go bhfaighimid, nó duine dár gcuid, breoite.

Is tréimhse dheacair í seo dúinn go léir.

Ceann dos na rudaí is deacra faoi ná nach mbeidh deireadh leis go luath agus go m’bfhéidir nach mbeidh deireadh leis choíche.

Mar ar thárla liomsa le breith mo mhic, tá an víreas corónach tar éis an saol iomlán a chaitheamh bun ós cionn.

Caithfear gach rud a chur ar ais le chéile anois i slí nua agus beidh crot deifriúil ar saol gach uile dhuine dá bharr.

Cé fios cad é an crot san?  Neosfaidh an aimsir ach idir an dá linn, teastaíonn uaimse an saol atá agam a mharachtaint.

Féach amach an fhuinneog ach feicfidh tú go bhfuil an nádúr faoi bhláth.

Tá na fáinleoga gnóthach ag cothú a ngearrcaigh.  Leanann an saol ar aghaidh in ainneoin gach rud, fiú amháin sinne.

Táimse ag iarraidh ceacht a fhoghlaim uaidh.  Níl againn go léir ach aon saol amháin.

Cé fios cé mhéid samhradh atá romhainn?

Nílim chun aon cheann díobh a chur amú.