Tá sé in am do dhuine le bunghalar labhairt amach
Comment

Tá sé in am do dhuine le bunghalar labhairt amach

TÁ rud amháin mar gheall ar an slí ina ndéantar tuairisciú ar an víreas chorónach a ghoileann orm go mór. 

Gach lá, deirtear linn cé méid cás den víreas atá sa tír ar an lá san agus cé méid duine atá básaithe dá bharr.

Tá daoine áirithe ag gearán go gcuireann sé seo an iomarca béime ar an víreas seachas ar fhadhbanna sláinte eile.

Ceapann siad go gcailltear an méid céanna daoine (agus níos mó) toisc go bhfuil ailse orthu ach nach gcloistear faoi sin sna ceannlínte nuachta.

Tuigim a gcás, go mórmhór toisc go bhfuil moill mór ar thástálacha agus seirbhísí ailse toisc na paindéime i mbliana.

Ach ní h-é seo mo ghearán.  ‘Sé mo ghearán ná an abairt a leanann na ráitisí seo i mbeagnach gach tuairisc.

Tar éis don tuairisceoir a rá cé méid duine a cailleadh an lá san, deireann siad cé méid acusan a bhí críonna nó go raibh bunghalar eile acu.

Léiríonn sé seo dearcadh faoi leith i mo thuairimse.  Léiríonn sé go gceapann an tuairisceoir nach bhfuil bás na ndaoine sin chomh tromchúiseach le bás daoine eile.

Léiríonn sé go gceapann said go raibh na daoine san chun bás a fháil pé scéal é, is cuma an é an víreas a mharaigh iad nó breoiteacht éigin eile.

Tá suim pearsanta agam anseo.  Mar is eol díbh, tá scléaróis iolrach agamsa agus dá mba rud é go bhfuaireas an víreas corónach agus go bhfuaireas bás dá bharr, tá a fhios agam go mbeinnse i measc na n-uimhreacha go ndéantar beag is fiú dóibh ar phríomh chlár nuachta na tíre.

Dr Tony Holohan gives a daily briefing on Covid-19 deaths in Ireland

Is ait agus is corraitheach an mothúchán a chruthaíonn an smaoineamh seo ionam.

Braithim go bhfuiltear ag déanamh breithiúnas diúltach orm agus ar an bhfiúntas a bhaineann le mo shaol.

Cad ina thaobh go bhfuiltear ag léiriú an drochmheas fuarchroíoch, cadránta seo ins na meáin?

An é go gceaptar i ndáiríre nach bhfuil saolta daoine críonna nó daoine atá ag marachtaint le aon saghas bunghalar chomh luachmhar agus lán le saolta daoine eile?

An é go gcreidtear nach bhfuil na laethanta, seachtainí agus blianta atá romhainn (is cuma cé chomh fada is atá siad) chomh tábhachtach leis an t-am atá fágtha sa tsaol seo ag daoine eile?

Nó an slí é i ngan fhios dóibh féin iad féin fad láimhe a chur idir iad agus an víreas?

An slí é misneach a thabhairt dóibh féin nach iadsan a gheobhaidh an víreas seo agus nach bhfuil aon baol orthu?

Tá súil agam gurb í an dara chúis an fíor cheann.  Chuirfeadh sé ísle brí orm dá ndéarfaí liom gurb í an chéad chúis a bhí fíor.

Nuair a dhéanann na focail a úsáideann daoine ins na meáin beag is fiú duitse agus do shaol sa tslí seo, cuireann sé ag machnamh tú.

Ní dóigh liom go bhfuil sé i gceist ag na tuairisceoirí mise agus na mílte eile atá críonna nó go bhfuil bunghalar acu a ghortú lena gcuid focail ach sin a dhéanann siad i ngan fhios dóibh féin.

Sin é an tionchar a bhíonn ag na focail a úsáideann siad.

Anois táim im’ cheistiú féin.  Bainimse úsáid as focail i mo chuid oibre gach lá don saol.  An bhfuilim i gcónaí cúramach mo dhóthain leo nó an mbím neamhaireach leo uaireanta?

An léirím meas ar dhaoine leo nó an gcothaím coimhthíos eadrainn?

Ní theastaíonn uaim go mbraithfeadh éinne a léann mo chuid focail nach bhfuilim ag tabhairt aitheantas ceart don taithí atá acu ar an saol.

Is iomaí agus is iontach na deifríochtaí atá eadrainn agus na slite deifriúla ina mairimid go léir.

Don chuid is mó, ní cheart a rá nó a thabhairt le tuiscint go bhfuil saol duine amháin níos luachmhaire ná saol eile.

Táimid ag druidim i dtreo deireadh na bliana agus sara fada beimid ag cuimhneamh ar ruin na hAthbhliana.

Táimse chun mo dhícheall a dhéanamh a bheith níos cúramaí le mo chuid focail.

N’fheadar an féidir a rá le tuairisceoirí nuachta amhlaidh a dhéanamh?