Fadhb chiníochais na hÉireann
Comment

Fadhb chiníochais na hÉireann

Cine amháin is ea an cine daonna. 

Sin é a bhí á scairteadh ag agóid a eagraíodh sa Daingean ar son Black Lives Matter ag tús na míosa.

Eagraíodh agóidí dá leithéid ar fud an domhain tar éis marú George Floyd i Minnesota, Mheiriceá, agus theastaigh ó chuid do mhuintir na h-áite seo a ndlúthpháirtíocht a chur in iúil do dhaoine den chine gorm atá ag fulaingt le ró fhada.

Léirigh an agóid rud éigin do mhuintir an Daingin freisin.

Tá go leor díobh a cheapann nach bhfuil Éireannaigh ciníoch.

Tuigim cad ina thaobh go gceapann siad amhlaidh.  Brúdh sinne faoi chois ar feadh tréimhse fada dár stair féin.  Mar thoradh ar seo a, cheapfadh éinne go mbeadh bá againn le dream eile atá thíos.

Ach tá a fhios againn nach mar sin atá.  Tá aithne againn go léir ar dhaoine a cheapann agus a deireann rudaí maslacha faoi dhaoine gorma.

B’fhéidir gur duine de do mhuintir atá ann, nó duine éigin i d’ionad oibre nó duine éigin a chloiseann tú ag gaotaireacht sa teach tábhairne.

Go ró mhinic, scaoiltear leis na daoine seo.  Ní chuirtear iomardú orthu.  In ionad san, ligeann daoine orthu gur magadh atá ann agus leanann an comhrá ar aghaidh.

Caithfidh mé a admháil gur rinne mé féin amhlaidh roimhe seo.  Níor theastaigh uaim cúis achrainn a dhéanamh as.  Níor theastaigh uaim éinne a dhéanamh míchompórdach, mé féin ins an áireamh.  Mar sin d’fhanas i mo thost.

Botún a bhí anseo.  Toisc nár labhair mé amach, tá gach seans gur cheap an té a dúirt na rudaí maslacha gur aontaigh mé leo.

Tá gach seans gur cheap siad go raibh an cheart acu agus go raibh na rudaí gránna a dúirt siad fíor agus inghlactha.

Níos measa fós, b’fhéidir go ndúirt an té na rudaí ceannann céanna le duine den chine gorm.

De réir an tuaraisc is déanaí ón nGréasán Éireannach in aghaidh Ciníochais, tá níos mó daoine ag déanamh amhlaidh.

Tháinig dúbailt ar uimhir na teagmhais ciníocha a tuairiscíodh sa chéad ráithe den bhliain seo i gcomparáid le anuraidh.

Tuairiscíodh 276 teagmhas sa chéad trí mhí i mbliana i gcomparáid le 132 teagmhas sa trí mhí céanna i 2019.Cuimhnigh nach bhfuil anseo ach na cásanna a tuairiscíodh.

Tá a fhios againn go léir nach dtuairiscíotar ach céadadán ana bheag don bhfíor bhfigiúir.

Briseann mo chroí nuair a chloisim na scéalta uafásacha atá ag teacht amach as Mheiriceá.  Agus ní inniu ná inné a thosnaigh na scéalta seo.  Tá stair fada foréigneach acu.

Tá stair deifriúil ag an gciníochas sa Bhreatain ach tá fulaingt agus briseadh croí ag baint leis sin freisin.

Níl puinn gur féidir liomsa anseo in Éirinn a dhéanamh faoi chiníochas i dtíortha eile ach is féidir liom rud éigin a dhéanamh anseo aige baile.

Chuala mé duine éigin le déanaí a dúirt gur ag daoine geala atá an fhadhb le ciníochas.  Is sinne chaitheann go h-olc le daoine gorma.

Ciallaíonn sé sin gur againne atá réiteach na faidhbe.

Nílim chun glacadh le éinne a deireann nó a dhéanann aon rud ciníoch as seo amach.

Is cuma liom má dhéantar cúis achrainn as nó má dhéantar daoine eile míchompordach.

Tá daoine den chine gorm ag fulaingt le ró fhada mar nach bhfuil daoine cosúil liomsa ag seasamh leo agus tá sé thar am go gcuirfí deireadh leis.

Ní h-iad daoine don chine gorm amháin atá ag fulaingt ach oiread.

Tá ár stair chiníoch féin againn sa tír seo, ní i gcoinne an chine gorm (mar nach raibh puinn acusan sa tír go dtí le déanaí) ach i gcoinne an lucht siúil.

Tá scéal ainnis sa nuacht faoi láthair faoi fhear don lucht siúil a bhain mí-úsáid ghnéis as a seachtar iníon agus a dheirfiúr óg.

Dúirt na h-iníonacha (atá ina mná fásta anois) gur dóigh leo nár tugadh an t-áird céanna orthu nó an t-aire céanna dóibh agus a thabharfaí dá mba rud é nach den lucht siúil iad.  C

eapann siad nach mbeadh na blianta fada caite acu ag fulaingt murach gur den lucht siúil iad.

Tá ceisteanna le freagairt againn mar shochaí anseo in Éirinn.  Níl freagraí na ceisteanna seo agam ach tá sé thar am dúinn iad a phlé.

Ní cheart dúinn braithscint réchúiseach mar gheall ar chiníochas sa tír seo mar tá fréamhacha doimhne aige inár measc.

Caithfear na fréamhacha seo a tharrac amach agus cré ár sochaí a leasú i slí nach féidir leo fás arís.