Go raibh maith agat as na cuimhní cinn, a Jeaic!
Comment

Go raibh maith agat as na cuimhní cinn, a Jeaic!

MAIDIN Shathairn coicís ó shin, bhíos ag tiomáint isteach an Daingean nuair a chuala mé ‘Put ‘em Under Pressure’ ar an raidió. 

Tá seans mhaith go bhfuil focail an amhráin céanna ar eolas ag formhór agaibh: “… we’re all part of Jackie’s army, we’re all off to Italy, and we’ll really shake them up when we win the World Cup, ‘coz Ireland are the greatest football team.  Olé, olé, olé, olé…”

B’shin fuaimrian an tsamhraidh i 1990 agus spreag sé cuimhní cinn láidre ionam.

Mé féin agus mo bheirt dheirfiúr suite ar bhínse a bhí thíos faoi theilifís i dteach tábhairne, áit nár theastaigh ó éinne eile suí mar go raibh a súile go léir sáite sa chluiche sacair a bhí á imirt ar an dteilifís céanna.

Bhí Éire ag imirt i gcoinne Sasana agus ní raibh puinn suime againne sa chluiche.

N’fhéadfaí é sin a rá mar gheall ar na daoine fásta agus bhíomar ag faire go géar orthu agus iad ag scaoileadh gach aon liú astu aon uair a fhaigheadh duine d’ár imreoirí greim ar an liathróid.

Go tobann, léim gach uile duine acu ins an aer, le béic a bhodhródh duine, agus bhraitheas gur chroith an foirgneamh nuair a bhuaileadar an talamh arís.

Bhí Éire tar éis cúl a scóráil i gcoinne Sasana agus cúis mór céiliúradh a bhí sa mhéid san.

Is cuimhin liom an teach tábhairne a fhágaint an tráthnóna céanna agus daoine a fheiscint ar na sráideanna ag rínce agus ag canadh le brait Éireannacha.

Bhí gach éinne chomh bródúil as an bhfoireann agus theastaigh uatha a n-áthas a roinnt leis na daoine tímpeall orthu.

Díreach tar éis dom ‘Put ‘em Under Pressure’ a chloisint ar an raidió an mhaidin san coicís ó shin, bhuail clog an aingil ag a meanlae.

Spreag an glór san cuimhní cinn eile.  I 1990, bhíos dhá bhliain déag d’aois agus bhí mo sheanthuismitheoirí fós beo agus beirt acu ina gcónaí díreach trasna an bhóthair uainn.

Bhímisne isteach ‘s amach óna dtig gach lá don saol agus is cuimhin liom go maith go shuídís síos le chéile chun an choróin Mhuire a rá nuair a bhuailtí clog an aingil ag a meán lae agus ag a sé a chlog gach lá.

Níor thuigeas é ag an am ach ag féachaint siar ar an dtréimhse sin anois, is léir go raibh an tír ag athrú go mór.

Bhíomar ag teacht amach as ré amháin – ré ina raibh an eaglais uile chumhachtach, eacnamaíocht na tíre lag agus deiseanna oibre gann, ré ina bhfágadh ana chuid daoine cumasacha cliste Éire chun saol níos fearr a bheith acu thar lear, agus ré inar chaith Trioblóidí an Tuaiscirt scáth gruama ar fud na tíre.

Bhí meon deifriúil ag Éireannaigh na linne.

Ní raibh an oiread féinmhuinín acu is atá againne.  Ní raibh sé de nós acu a bheith bródúil astu féin nó as a dtír.  Bhí ag teip ar an dtír in ana chuid slite agus bhíodar in ísle brí dá bharr.

Ach chuir foireann Jack Charlton tús le athrú meona in Éirinn.

Thaispéaineadar dúinn go bhféadfaimis imirt ar aon leibhéal le tíortha móra an domhain agus go bhféadfaimis buachtaint orthu (nó ar a laghad an cluiche a chríochnú ar chomh scór).

Chuaigh na cluichí sacair a imríodar i bhfeidhm ar an ndearcadh a bhí againn orainn féin.

Léiríodar dúinn go bhféadfadh stádas a bheith againn ar stáitse mhór an domhain, go bhféadfaimis seasamh ar chomhleibhéal le h-aon tír eile.

Éireannaigh ab ea sinn agus níorbh aon chúis náire é a thuilleadh.  D’fhéadfaimis a bheith bródúil as.

Thug Jack Charlton agus a fhoireann árdú meanma do mhuintir na hÉireann nuair a bhí a leithéid go mór de dhíth orthu.

Mhúineadar ceacht tábhachtach dúinn: go bhféadfaimis muinín a bheith againn as an gcumas a bhí ionainn.

Anois, tá a fhios agam go mb’fhéidir go gcuamar thar fóir leis an bhféinmhuinín ar feadh tamaill idir an dá linn, (níl dearmad déanta againn ortsa, a Thíogair Cheilteach!).  Ach ní raibh aon bhaint aige sin le Jack Charlton agus a fhoireann sacair.

Ní raibh ach rudaí maithe le rá ag muintir na tíre fúthu go léir nuair a cailleadh Jack.

Bhí cuimhní geala ag gach éinne ar an gcéiliúradh a bhí acu lena gclann agus lena gcáirde le linn Euro ’88, Italia ’90 agus an Corn Domhanda i 1994.

Bhíodar buíoch as na cuimhní cinn san agus an solas a scaipeadar le linn tréimhse a bhí dorcha go leor in Éirinn.

Rud luachmhar is ea mórtas cine agus ceapaimse gur thug Jack Charlton agus a fhoireann an mórtas cine sin mar bhronntanas do mhuintir na hÉireann.

Sin rud as a bheimid buíoch go deo.